About
Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil. Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi. Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar? Cén fáth ar cuireadh tús leo sa chéad dul síos? Agus cén fáth gur tharraing siad an oiread sin trioblóide orthu féin le linn bhlianta órga athbheochan na Gaeilge? Ar Seachtain labhraíonn an Dr Máire McCafferty faoi tús na gcoláistí samhraidh. Foclóir: Ceardchumann: Trade Union Oilte: Skilled Daideo: Grandfather Tóir: Demand Ballraíocht: Membership Uirbeach: Urban Laidin: Latin Athbheochan:Revival Uasaicme, íosaicme: Upper class, lower class Siamsa: Entertainment Tréimhse an-chorrach: Turbulent time Ag tabhairt fogha faoi: To attack I gCeann Chlochair: In Clogherhead Ag déanamh athris ar: Imitating Éigeantach: Mandatory Laochra: Heroes Dódh Coláiste Uladh: Coláiste Uladh was burnt Go sonrach: Particularly Críochdheighilt: Partition Maoiniú: Funding Dlús a chur faoi: To accelerate or speed up
See omnystudio.com/listener for privacy information.