Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Podcasts
Audiobooks
Bible
By Genre
By Location
By Language
Religious
Music
News
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
Irish Independent
Seachtain
News
Irish
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Website
Episodes
Episodes
188
01 October 2026
An Clár: An contae a chaill a chuid Gaeilge ach a choinnigh an ceol
Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae...
32 min
24 September 2026
Rebuilding Oileán Ghabhla: Daoine ag filleadh tar éis 50 bliain
Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad...
22 min
17 September 2026
Why I moved to a remote island – and loved it
Is brionglóid í atá ag cuid mhaith againn, éalú ó ghnóthacht agus ó ghleo shaol na cathrach, ar thóir saol níos simplí san iargúltacht. Ach, an é nóisean rómánsúil seafóideach é sin atá againn? Nó an é an bliss atá muid ag brionglóidí faoi le fada? Cúig bliana ó shin, bhog Aedín Ní Thiarnaigh, a bhí cúig bliana is fiche d’aois ag an am, óna baile dúchais i gContae Loch Garman go hInis Meáin...
24 min
10 September 2026
‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
Ba é an t-ionsaí ba mharfaí i stair Mheiriceá. Ar an 11ú lá de mhí Mheán Fómhair 2001, bhuail dá eitleán isteach sna Twin Towers in Manhattan, Nua Eabharc. Bhí na mílte duine ag obair iontu ag an am. Tharla na hionsaithe i gcroílár na cathrach a ba ghnóthaí sa tír, ar ghnáthlá oibre, gan aon rabhadh. Maraíodh beagnach trí mhíle duine sa tubaiste a thit amach. Chonaic milliúin de dhaoine an...
28 min
03 September 2026
Comedy Gaeilge at Dublin Fringe: ‘Tá seónna grinn níos fearr i nGaeilge’
Ní rud éasca é a bheith i do sheasamh os comhair slua agus iarracht a dhéanamh iad a chur ag gáire. Agus seans gur deacra i bhfad an dúshlán é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin é go díreach an seó a bhí i gceist ag an fuirseoir Síomha Hennessy a chruthú do Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath áfach. Beidh Síomha ag léiriú a seó nua dátheangach, Gaelmaxxing, in Bewley’s Café Theatre ón 8 go dtí an 12...
21 min
27 August 2026
A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil. Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi. Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar? Cén...
24 min
19 August 2026
Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama
Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an...
20 min
13 August 2026
Live at the Fleadh: The Conamara duo i gcroílar na reabhlóide trad
Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026! Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin. Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód. Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an...
21 min
05 August 2026
Live at the Fleadh: The ancient art of lilting
Tá Seachtain beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2026! Is é seo an chéad uair don Fleadh teacht go Béal Feirste, áit ina mbeidh breis agus 800,000 cuairteoir ag freastal ar an bhféile! Le linn na seachtaine seo, tiocfaidh anam isteach sa chathair le taibhithe sráide, seisiúin ceoil, seónna stáitse, céilithe, agus comórtais. Ach le 75 bliain á chéiliúradh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, amharcann...
31 min
30 July 2026
The ‘rite of passage’ for beagnach 30 míle déagóirí
Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta. Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn. Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor....
21 min