Skip to content
Opens in a new window
8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall)
08 August 2026

8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

About

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh. 

Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh. 

Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

bailchríoch - finishing touches

loingeas - shipping

ionsaí sá - stabbing attack

gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuries

réamh-mheas - projection

rannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation