zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Language Learning
Irish
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.
Website
Episodes
300
25 April 2026
25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump...
6 min
18 April 2026
18 Aibreán 2026 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán...
7 min
12 April 2026
11 Aibreán 2026 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d’éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna...
6 min
04 April 2026
4 Aibreán 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin...
5 min
28 March 2026
28 Márta 2026 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála i...
6 min
21 March 2026
21 Márta 2026 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a...
7 min
14 March 2026
14 Márta 2026 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl...
6 min
07 March 2026
7 Márta 2026 (Tír Eoghain)
Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe...
8 min
28 February 2026
28 Feabhra 2026 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh...
8 min
21 February 2026
21 Feabhra 2026 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid...
7 min