Skip to content
Opens in a new window
7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)
07 November 2026

7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

About

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i dtoghcháin lár téarma de chuid na Stát Aontaithe. D'éirigh leis na Daonlathaigh tromlach a fháil sa dá theach de Chomhdháil na Stát Aontaithe, rud a choinneoidh srian ar chumhacht an Uachtaráin Donald Trump i mblianta deireanacha a uachtaránachta. Sa tSeanad, beidh ar a laghad 54 as 100 suíochán ag an Pháirtí Daonlathach, agus i dTeach na nIonadaithe, beidh ar a laghad 254 as 435 suíochán acu. Tá roinnt suíochán fós le fógairt sa dá theach, ach tá tromlach soiléir ag na Daonlathaigh. I measc na bpolaiteoirí nuathofa tá Keisha Lance Bottoms, an chéad bhean dhubh le bheith ina Gobharnoir stáit i stair na tíre, Abdul El-Sayed, an chéad Mhoslamach le bheith ina Sheanadóir, agus Deb Haaland, an chéad Dúchasach Meiriceánach le bheith ina Gobharnóir.

Tá an reathaí meánraoin Ciara Mageean ar shlí na fírinne, dhá bhliain i ndiaidh di bonn óir a bhaint ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Róimh. As Port an Pheire i gContae an Dúin í Ciara, agus d'imir sí camógaíocht nuair a bhí sí óg, sula ndeachaigh sí leis an reathaíocht. Ghlac sí páirt ag na Cluichí Oilimpeacha in 2016 agus 2020 ar son na hÉireann ach bhí uirthi éirí as an chomórtas chéanna in 2024 mar gheall ar ghortú dá teannán Aichill. D'fhógair sí anuraidh go raibh ailse uirthi agus dúirt in agallamh gur thuig sí nach mbainfeadh sí daichead bliain amach. Phós sí a páirtí Thomas Moran trí seachtaine sula bhfuair sí bás Dé Domhnaigh. Thug daoine mór le rá ó shaol an spóirt agus ó shaol na polaitíochta ómós di, ag rá gur dhuine spreagúil í a d'fhág oidhreacht speisialta ina diaidh. Bhí sí ceithre bliana is tríocha d'aois.

Tháinig na mílte Gael le chéile an deireadh seachtaine seo caite agus Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne, Contae Chiarraí. Féile bhliantúil chultúrtha is ea é an tOireachtas, a reáchtáladh den chéad uair sa bhliain 1897. Ba í an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn Uachtarán an Oireachtais i mbliana, ach bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i láthair fosta. I gcomórtais liteartha an Oireachtais, tugadh thart ar €30,000 san iomlán do bheagnach caoga scríbhneoir. Bhí go leor duaiseanna le baint ag na comórtais cheoil, damhsa agus taibhealaíona eile fosta. Beidh an tOireachtas ar siúl i gCill Airne arís an bhliain seo chugainn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

súnamaí gorm - blue tsunami

polaiteoirí nuathofa - newly-elected politicians

Dúchasach Meiriceánach - Native American

reathaí meánraoin - middle-distance runner

teannán Aichill - Achilles tendon

taibhealaíona - performing arts