
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin Aontaithe agus Amnesty International gur dlí leatromach atá i gceist - go teoiriciúil d'fhéadfaí an dlí a úsáid in aghaidh daoine Iosraelacha ach ní tharlóidh sin mar caithfidh gur “stad a chur l’eiseadh an stáit Iosraelach” é cuspóir an ionsaí. Deir saineolaí go mbeidh coir chogaidh i gceist le gníomhú an achta agus go dtugann sé cumhacht ollmhór do stát Iosrael Palaistínigh a marú laistigh den dlí, gan triail chóir.
Láinseáil Artemis II Dé Céadaoin, misean tábhachtach i stair an taistil sa spás. Is é seo an chéad uair ó 1972 go bhfuil daoine chun taisteal lasmuigh d'fhithis an domhain agus chun eitilt trasna na gealaí. Mairfidh an turas 10 lá, leis an spásarthach ag taisteal timpeall na gealaí, ag úsáid dhomhantarraingt na gealaí chun éifeacht imtharraingthe, nó “slingshot”, a chruthú agus iad a sheoladh ar ais chuig an domhan. Má tá rath acu, beidh siad ag taisteal níos faide ón domhain ná a thaistil aon duine riamh, timpeall 402,000 ciliméadar. Ar an gcriú beidh an chéad bhean, an chéad duine de dhath agus an chéad duine nach Meiriceánach iad chun taisteal chuig an ngealach. Tá an misean seo ag ullmhú le haghaidh leaindeáil gealaí pleanáilte ag NASA don bhliain 2028. Tá an spásarthach deartha le haghaidh níos mó ná turas amháin, agus an sprioc acu bunachar taighde buan a chruthú ar an ngealach. Le roinnt moille, brú ó Trump agus fadhbanna eile i rith an tionscnaimh, tá sceipteachas faoin amlíne seo. Tá roinnt comórtas i gceist mar tá leandáil gealaí a phleanáil ag an tSín ag an am céanna.
In Éirinn, tá bacainn eile tagtha ar thógáil an Metrolink, agus an Stiúrthóir Tionscnaimh Seán Sweeney tar éis éirí as. Tionscnamh cáiliúil nó mícháiliúil é an Metrolink. Tá bealach díreach á chruthú idir lár Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort mar cheann de príomhspriocanna an tionscnaimh. Moladh é den chéad uair in 2001, agus tháinig athruithe ollmhóra agus réimse dúshlán ar an tionscnamh le 25 bliain anuas, agus costas measta 11 billiún euro air ag an bpointe seo. D’éirigh Séan Sweeney as a ról le linn na seachtaine ar son a theaghlaigh, a bhfuil ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, dúirt se go raibh sé neamh-inbhuanaithe a bheith ina chónaí chomh fada uathu. Tar éis blianta d'fhadhbanna pleanála, dlí agus airgeadais tá imní ar an bpobal go mbeidh moill eile mar thoradh den athrú seo. Deir Príomhfheidhmeannach Metrolink Lorcan O’Connor go bhfuil muinín aige nach gcuirfidh an bacainn seo le moill an tionscnaimh, agus go bhfuil tógáil réidh le tosú in 2027, leis an tseirbhís a chur i bhfeidhm i lár na 2030idí.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
pionós an bháis - the death penalty
réamhshocraithe - default
gan triail chóir - without a fair trial
fithis an domhain - the earth's orbit
domhantarraingt na gealaí - the moon's gravity
mícháiliúil - infamous
neamh-inbhuanaithe - unsustainable