24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)
24 May 2026

24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

About

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an ceathrú lá is fiche de mhi Bealtaine, Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ni Loinsigh

Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.

Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d’Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.

Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS