
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain.
Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d’aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners.
Tráthnóna Dé hAoine, d’fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d’aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman’s Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O’Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O’Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.”
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
faoi dhliteanas pearsanta - personally liable
cúiseamh - accusation
scéinséir - thriller
anord galánta - beautiful chaos
neamhaí - heavenly
ball bunaidh - founding member