Skip to content
Opens in a new window
15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo)
15 August 2026

15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

About

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain seo, le breis agus céad go leith milliún duine faoi theocht de 35 céim nó níos mó Dé hAoine, agus falscaithe ar fud na hilchríche. Is iomaí teach a cailleadh i ndóiteán sa Lár-Réigiún Thiar i Sasana, agus cuireadh naoi ndauine déag chun ospidéil ann. Cailleadh duine i bhfalscaí sa Chróit, agus d’aistrigh níos mó ná míle duine amach as an gceantar údaí. Bhí falscaithe móra eile sa Ghréig, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, agus sa Spáinn. Tógadh amach taisce na mainistreacha San Juan de la Pena in Aragón i dtuaisceart na Spáinne, ar fhaitíos go gcaillfí é i bhfalscaí atá ag díriú ar na mainistreacha; agus bhí ar an Rómáin a n-imoibreoir núicléach a mhúchadh, toisc easpa uisce in abhainn na Danóibe.

Bhí lá iontach ag Éirinn ag Craobhchomórtais na hEorpa in Birmingham Déardaoin. Bhain Mark English, ó Leitir Ceanainn, Dún na nGall, bonn óir sa rás ceannais ocht gcéad méadar, in éis dó ceithre bhonn cré-umha agus bonn airgid a bhaint ag comórtais eile. Is eisean an chéad fhear a bhain bonn óir d’Éirinn riamh i gCraobhchomórtais na hEorpa, agus é sé bliana níos sine ná éinne eile sa rás ceannais. Fiche nóiméad níos déanaí, bhain Rhasidat Adeleke, ó Thamhlacht, Baile Átha Cliath, an bonn airgid dhá chéad méadar, ar an líne, le curiarracht náisiúnta nua de 22.28 soicind.

Bhí urú na gréine le feiceáil ar fud iarthar na hEorpa Dé Céadaoin. Páirturú a bhí ann den chuid is mó, acht i gconair chúng a thosaigh i dtuaisceart na Sibéire, agus a chuaigh trí oirthear na Graonlainne, iarthar na hÍoslainne, tuaisceart na Spáinne, agus na hOileáin Bhailéaracha, bhí lánurú ann. Tá lánuraithe na gréine thar a bheith speisialta agus annamh, agus is le linn lánurú amháin atá sé sábháilte chun breathnú ar an ngrian le súile nochta. Is ar éigean a sheachain conair an lándorchadais cósta thiar na hÉireann, ina raibh páirturú domhain, agus scamaill ar fud na tíre faraor; acht in Zaragoza i dtuaisceart na Spáinne, a bhí faoi spéir ghlan i gconair an lándorchadais, bhí radharc aoibhinn álainn le feiceáil thart ar a leathuair in éis a hocht sa tráthnóna, nuair a chuaigh an ghealach trasna aghaidh na gréine go hiomlán, go híseal thar fhíor na spéire san iarthuaisceart. Ag tús an lánuraithe, bhí léiriú láidir den fheiniméan ar a dtugtar an “fáinne diamaint”, nuair a thaibhsíonn atmaisféar na gréine timpeall na gealaí, le ponc amháin d’aghaidh na gréine fós ag lasadh trí ghleann ar imeall na gealaí ar nós seoide. In éis an fháinne diamaint, bhí starraiceachta brúchtacha gréine gléigeala bándearga le feiceáil go soiléir le súile nochta timpeall an diosca dubh na gealaí, suite i lonradh airgid ainglí na corónach, an t- atmaisféar taobh amuigh den ghrian, uilig leabaithe i spéir neamhshaolta dhorcha. Bhí daoine ag gáir agus ag gol le hionadh agus le háthas, agus in éis [canúint; in áit “tar éis”] ceithre scór is ceathair soicind d’iontas agus de dhraíocht, bhí an lánurú thart. Beidh lánurú na gréine eile le feiceáil ar an dara lá de mhí Lúnasa an bhliain seo chugainn, i ndeisceart na Spáinne, i dtuaisceart agus Adharc na hAfraice, agus i Leithinis na hAraibe.

*

Léirithe ag conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ilchríoch - continent

imoibreoir núicléach - nuclear reactor

in éis - after (canúint Mhaigh Eo)

súile nochta - naked eyes

conair - path

starraiceachta brúchtacha gréine - solar flares