E22: Cad is dea-oideolaíocht ann?
19 May 2026

E22: Cad is dea-oideolaíocht ann?

The NCCA Primary Podcast

About

Bíonn an focal ‘Oideolaíocht’ le feiceáil go láidir i gCreatchuraclam na Bunscoile (2023). Sna blianta atá romhainn, de réir mar a chuirfear an curaclam athfhorbartha i bhfeidhm, beidh an oideolaíocht ina príomhábhar i bhfoghlaim ghairmiúil an mhúinteora. Sa chlár seo, ba mhaith linn tosú le míniú a thabhairt ar an oideolaíocht - cad is brí léi agus conas is féidir léi a bheith bríoch agus éifeachtach. Tá Póla Ní Chinnsealaigh (Príomhoide) agus an Dr Patrick Burke (Léachtóir) linn chun a léargais ar an taighde agus ar an gcuma a bhíonn air seo ó lá go lá sa seomra ranga a roinnt.