zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
Irish Independent
Seachtain
News
Irish
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Website
Episodes
161
01 April 2026
‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin...
26 min
26 March 2026
Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce,...
24 min
19 March 2026
The Irish Hitlers: Paddy, Bridget agus uncail Adolf
Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in...
24 min
12 March 2026
An Ghaeltok: Béarlachas agus ‘pet peeves’ Laura Pakenham
Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok. Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn. Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í...
24 min
05 March 2026
Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na...
23 min
04 March 2026
'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht'
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na...
16 min
26 February 2026
Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de. Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe. Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe? Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal...
25 min
18 February 2026
The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach. I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair. Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach. Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás. Fógraíodh seachtain ó shin...
19 min
11 February 2026
Epstein, the files agus an nasc le hÉirinn
Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad. Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí, físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú. Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach...
23 min
06 February 2026
Noah Donohoe: Eolas suntasach ag teacht amach ón ionchoisne
I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh. Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne...
19 min