Dubhghlas: Clár Faisnéise
26 December 2025

Dubhghlas: Clár Faisnéise

Raidió na Life 106.4FM

About
Ceannródaí Gaeilge agus céad Uachtarán na hÉireann, tá neart léinn dírithe ar Dhubhghlas de hÍde in imeacht na mblianta. Mar sin féin, is léir nach bhfuil sé éasca teacht ar thuiscint dhomhain phearsanta air mar dhuine. Fear ildánach, iltréitheach agus casta ab ea é; fear a chur cló éagsúil air féin ag brath ar na cúinsí ina raibh sé ag aon am ar leith, agus a choinnigh méid áirithe de féin faoi cheilt go poiblí. Ach, d’fhág Dubhghlas de hÍde na mílte scríbhinn ina dhiaidh – dialanna, litreacha agus saothair chruthaitheacha atá anois ina dtaisce stairiúil do thaighdeoirí. Déanann an clár faisnéise seo a chuid scríbhinní a chíoradh chun léargas nua a fháil ar de hÍde.


Mar chuid den chlár, thug an tOllamh Emeritus Liam Mac Mathúna agus an Dr Máire Nic an Bhaird cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun scríbhinní de hÍde a fheiceáil agus a phlé, agus tá léargas freisin ar shaol agus saothar de hÍde ón Dr Cathal Billings agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Le píosaí drámata léite ag an aisteoir mór le rá Diarmuid de Faoite sa chlár freisin, tá de hÍde tugtha chun beatha ar shlí nach bhfuil cloiste againn roimhe.

Rinneadh an clár seo a thaifeadadh i Stiúideo na Life le Fearghal Saxe mar theicneoir, agus Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar láithreoir, léiritheoir agus eagarthóir.

Arna mhaoiniú ag Coimisiún na Meán leis an táille ceadúnais teilifíse.