zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
03 April 2026
Brian Danny Minnie Ó Domhnaill ó Bhuíon Cheoil Anagaire.
Ag caint faoi ócáid a bheas ar siúl ar an Chlochán Laith Dé Domhnaigh seo, Domhnach Cásca áit a mbeidh bannaí ceoil as ar fud na contae ag teacht le chéile le seinnm le chéile mar ollbhanna mór amháin.
7 min
03 April 2026
Deirdre Ní Bhraonáin - Garraíodóir Chluain na dTor.
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr. Labhair sí inniu faoi chrainn silíní agus na rudaí ar cheart a dhéanamh sa gharradh ag an am seo bliana agus cómhrá faoi bhiatais chomh maith agus na húsáidí gur féidir a bhaint as.
9 min
03 April 2026
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír grinn na seachtaine seo agus í ag caint faoin charghas agus í ag éirí dearmadach agus turas na spásairí go dtí an ghealach ar an Artemis 2.0
5 min
02 April 2026
Barrscéalta, clár iomlán, 02/04/2026.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga a chur i láthair ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú Conor Ó Gallachóir.
56 min
02 April 2026
Francis Mac Fhionnghaile duine de bhunaitheoirí sliabhliagpeninsula.ie
Tá suíomh idirlíon úr seolta an tseachtain seo dírithe ar cheantar Shliabh a’ Liag le heolas a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag tabhairt cuairt ar an cheantar agus na háiseanna atá ar fáil daofa.
4 min
02 April 2026
Liam Carson, stiúrthóir na Feile IMRAM.
Beidh an ócáid ‘Cathair Cois Cuain’ mar chuid den fhéile litríochta Gaeilge IMRAM ar siúl in Áras Mhic Reachtáin i mBéal Feirste san oíche amárach ag déanamh ceiliúradh ar Bhéal Feirste agus ar ealaíontóirí Bhéal Feirste mar chuid den ócáid.
4 min
02 April 2026
James Anthony Mac Fhionnghaile ó chomhlacht bus John McGinley.
Tá méadú ollmhór fógraithe ag comhlacht bus John McGinley ar na seirbhísí atá a gcur ar fáil acu idir Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath.
10 min
02 April 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
02 April 2026
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann an Bhun Bhig.
Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis plé inniu ar na heitiltí aisle as Aerfort Dhún na nGall go Baile Átha Cliath agus Lá Idirnáisiúnta Uathachais atá ann inniu.
5 min
02 April 2026
Pacáiste Róbataice ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
Tá grúpa as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag ullmhú le dul go Missouri i Meiriceá gan mhoill le páirt a ghlacadh i gCraobh an Domhain de Vex Robotics. Thug Damien Ó Dónaill cuairt ar an scoil agus labhair sé leis an mhúinteoir agus na daltaí.
18 min